Gearrliosta Gradam Réics Carló

Short list for Gradam Réics Carló 2009 announced

Gearrliosta Leabhar na Bliana fógartha

Tugadh suntas arís i mbliana d’fheabhas agus do dhea-chaighdeán na foilsitheoireachta Gaeilge nuair a d’fhógair Páidí Ó Lionáird an gearrliosta do Ghradaim Leabhar na Bliana sa New Theatre Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath mar chuid den fhéile litríochta IMRAM.
Comórtas liteartha ar leith é Leabhar na Bliana a thugann aitheantas d’ardchaighdeáin na foilsitheoireachta agus na scríbhneoireachta i nGaeilge. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil don chomórtas agus déanann Oireachtas na Gaeilge é a riaradh.
Tugadh cuireadh d’fhoilsitheoirí Gaeilge ar fud na tíre leabhair a chur isteach ar dhá ghradam ard-chlú, Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta) agus Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga), a bhfuil duaischiste iomlán de €25,000 ag dul leo. Tá dhá leabhar déag ar na gearrliostaí do na gradaim i mbliana.
I measc na bhfoilseachán a ainmníodh ar an ngearrliosta do Ghradam Uí Shúilleabháin (Leabhair do Dhaoine Fásta) tá dhá leabhar ó Choiscéim. Is iad sin, Iqbal, dréachtaí próis agus filíochta ó mhórfhile na Pacastáine a d’aistrigh Gabriel Rosenstock go Gaeilge agus Aguisíní, cnuasach ilghnéitheach d’obair Sheáin Uí Thuama nár foilsíodh cheana i bhfoirm leabhar a chuir Seán Ó Tuama féin le chéile roimh a bhás in éineacht leis an bhfile Louis de Paor.
Tá dhá leabhar san áireamh ó Chló Iar-Chonnachta chomh maith, Ar an gCoigríoch le hAisling Ní Dhonnchadha agus Máirín Nic Eoin, díolaim ilghnéitheach ar scéal na himirce ó aimsir an Ghorta i leith a léiríonn mórshaibhreas litríocht na Gaeilge mar shainfhoinse eolais agus Pádraic Ó Conaire – Rogha Scéalta le Diarmuid de Faoite, cnuasach nua gearrscéalta ó pheann Phádraic Uí Chonaire, ceannródaí na gearrscéalaíochta sa Nua-Ghaeilge.
San iomaíocht chomh maith tá An Damer – Stair Amharclainne le Máiréad Ní Chinnéide, stair an Damer mar thionscadal agus na daoine a bhí bainteach leis, a d’fhoilsigh Gael Linn. Anuas air seo tá Filíocht Ghrá na Gaeilge le Ciarán Mac Murchaidh a d’fhoilsigh Cois Life. Is cnuasach de dhánta Gaeilge ar théama an ghrá mar aon le haistriúcháin i mBéarla é seo.
Ar na leabhair a fógraíodh ar an ngearrliosta do Ghradam Réics Carló (Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga) tá dhá leabhar ón teach foilsitheoireachta, Cois Life. Tá Dialann Sár-Rúnda Amy Ní Chonchúir le Siobhán Parkinson dírithe ar dhéagóirí. Leanann an leabhar seo saol an déagóra Amy agus déantar cur síos ann ar na heachtraí éagsúla a thiteann amach ó lá go lá. Freisin ó Cois Life, tá Cén t-am é? scríofa ag Siobhain Grogan. Tugann an leabhar seo deis do pháistí óga an t-am a fhoghlaim ar bhealach spraoiúil agus iad ag leanacht cailín óg ó mhaidin go hoíche.

Ar an ngearrliosta seo chomh maith tá Peigín Leitir Móir le Tadhg Mac Dhonnagáin foilsithe ag Futa Fata. Is bailiúcháin amhráin agus rannta traidisiúnta Gaeilge atá cóirithe do pháistí na linne seo í. San áireamh freisin, tá Deirdre agus Mic Uisnigh le Colmán Ó Raghallaigh, úrscéal grafach bunaithe ar cheann de mhórscéalta na Gaeilge ón bhfoilsitheoir Cló Mhaigh Eo.

Tá Móinín, buaiteoir Gradam Réics Carló 2008, san iomaíocht arís i mbliana leis an leabhar Eachtraí Uchtaigh le Esther Göbl Uí Nualláin, bailiúcháin de scéalta misniúla, dóchais agus bíogúla ó pheann scríbhneora úir. In éineacht leo seo go léir, tá Balor le Caitríona Hastings, scéal miotasach Bhaloir mar aon le léaráidí álainn ó Andrew Whitson a d’fhoilsigh An tSnáthaid Mhór.

Ag labhairt dó faoi na comórtais, dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge: “Déanaim comhghairdeas leis na foilsitheoirí agus iad siúd uilig a bhí páirteach i soláthar na leabhar ar na gearrliostaí. Tá súil agam gur údar spreagtha an t-ainmniúchán seo daoibh agus beidh mé ag súil go mór lena thuilleadh a fheiceáil uaibh amach anseo.”
Fógrófar buaiteoirí Ghradam Uí Shuillleabháin & Ghradam Réics Carló i Leitir Ceanainn, ar an Aoine, 30 Deireadh Fómhair, le linn Oireachtas na Gaeilge.