Buaiteoirí Gradam RC 2010

                                                           

Ceiliúradh Litríocht na Gaeilge

Embargo: 7i.n 28 Meán Fómhair 2010

Fógraíodh na buaiteoirí maidir le gradaim Leabhar na Bliana Fhoras na Gaeilge le linn Chomórtas Liteartha Oireachtas na Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh inniu (an 28 Meán Fómhair). Tá de chuspóir leis na gradaim seo, arb í Eibhlín Ní Chonghaile ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a chuir i láthair iad, an feabhas sa scríbhneoireacht agus san fhoilsitheoireacht ar leabhair i nGaeilge a chothú.

 

Ba iad Cló Iar-Chonnacht, atá ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód i mbliana, a rug an gradam leo do Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta (Gradam Uí Shúilleabháin) don leabhar Ó Chósta go Cósta le Frank Reidy. Tugann Frank cuntas láidir ina leabhar ar chuairt ar ais chun na hAfraice, áit a ndearna sé fónamh mar oifigeach airm le linn na géarchéime i Ruanda sa bhliain 1994.

 

Thug an teach foilsitheoireachta Móinín ó Bhaile Uí Bheacháin an gradam leo do Leabhar Gaeilge na Bliana do Dhaoine Óga (Gradam Réics Carló) as an leabhar Ruball Trioball le Esther Göbl Uí Nualláin. Scéal aoibhinn do leanaí is ea é faoi Fionn ar mhaith leis coileán gadhair a bheith aige ach nach bhfuil a thuismitheoirí ró-thógtha leis an smaoineamh sin.